Scéal síodh, bearrach a cailleadh leis an bhinn tráthnóna amháin agus nuair a chuaigh Dónalll síos le feiceáil cad a tharla, bhí gáire, ceol agus damhsa thart fá dtaobh de cé nach bhfaca sé aon duine acu, na sióga a bhí ann.
Scéal síodh eile a d’inis fear do fá dtaobh den oíche a bhí siad ag déanamh poitín ar bhruach na farraige agus tháinig gasúir beag le hinse dóibh go raibh na gardaí ar an bhealach. Níor thug siad aird ar bith air cé gur chur siad iontas ann é a bheith ansin fan am sin oíche ar bharr an bhinn. D’éist siad leis sa deireadh agus chruinnigh siad suas an trealamh. Ní raibh siad i bhfad ar shiúl gur tháinig na gardaí.
Bhí creideadh mór ag daoine san am sin sna sióga. Scéal eile faoina mháthair féin agus bean eile ag teacht na bhaile tráthnóna amháin agus chuala siad beithigh ina rith thart fá dtaobh de ach ní raibh a dhath le feiceáil. Beithigh síodh a bhí ann. Deirtí gur an buachalán buí na beithigh a bhí acu. Tá crainn agus áiteanna uaisle nár cheart baint daofa. Bhí na sióga iontach fairsing thart sa cheantar an t-am sin. Deirtí go gcoinníodh cloigín theach an phobail ar shiúl iad. | 00:04:21 | |